Eaglais Cheartchreidmheach - Irish Flowers of Orthodoxy 1






Naomh Colm Cille, 
Í Cholm Cille, Albain (+597)

Is é Colm Cille (Colmcille nó Columba i mBéarla) an naomh Gaelach is mó a urramaítear go traidisiúnta i gCúige Uladh (7 Nollaig 521 – 9 Meitheamh 597). Ba i nGartán i gCo Dhún na nGall a rugadh Naomh Colm Cille sa bhliain 521, ach ba i nDoire a bhunaigh sé a chéad mhainistir atá in aice le Séipéal Naomh Aibhistín taobh istigh de bhallaí na cathrach.

Tá Colm Cille ar an naomh Éireannach is mó a bhfuil gnaoi air de bharr an ghrá a bhí aige do achan chineál idir neacha daonna agus ainmhithe.

Tús a shaoil

Rugadh ar an 7 Nollaig 521 é i nGartán i gContae Dhún na nGall, thart ar fhiche ciliméadar soir ó dheas ó Chloich Cheann Fhaola. Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na hUí Néill - le sliocht Néill Naoighiallaigh, ríthe Gaelacha Uladh.

Nuair a bhí sé óg, shocraigh sé gur mhaith leis bheith ina mhanach. Chaith sé a óige i dTír Chonaill, i nGartán agus in áit a dtugtar Gleann Cholm Cille air anois, den chuid is mó. An Luathré Chríostaí a bhí ann agus bhí mainistreacha breactha ar fud na tíre.

Rinne sé staidéar faoi Naomh Finnian Mhá Bhile agus Naomh Finnian Chluain Ioraird. Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na Críostaíochta agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i gContae an Dúin agus i gCúige Laighean.

Ainm

Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air. Ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air. Thug a chairde an t-ainm Colm Cille air toisc go raibh sé deas, cineálta agus séimh, cosúil leis an éan an colm. Fuair sé an dara cuid dá ainm toisc go raibh sé le feiceáil sa mhainistir go minic.

Misinéireacht

Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh Colm Cille ag déanamh misinéireachta. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé, is cosúil.

Chaith Colmcille tréimhsí i Maigh Bhile (mainistir i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin), i gCluain Ioraird na Mí, agus i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath, sular fhill sé ar Thír Chonaill i dtréimhse dá shaol ina raibh tionchar mór aige ar an áit ina bhfuil paróiste Chloich Cheann Fhaola inniu.

Thóg Colm Cille a chéad mhainistir i nDoire sa bhliain 545. Tugtar Doire Cholm Cille ar an áit freisin, in ómós do Cholm Cille.

Bhunaigh Colmcille mainistreacha in Albain chomh maith. Oileán Í a bhí mar chroílár a chuid oibre ministreachta in Albain. Tá tionchar Cholmcille le feiceáil ar fud an oileáin sin, agus ar fud na hAlban.

Cogadh agus inimirce

Ba dhóbair do Cholm Cille nárbh é a shaint i léann a chaill é. Bhí spéis mhór ag Colm Cille i leabhar cáiliúil agus rinne sé cóip de gan chead. Ba le duine darbh ainm Fionán an leabhar.

Fuair sé iasacht leabhair ó Fhíonán, a bhí mar mhúinteoir aige i scoil na sagart, i Maigh Bhile, Baile Nua na hArda, Co. an Dúin. Nuair a thug sé an leabhar ar ais, fuair Fíonán amach go raibh cóip den leabhar breactha síos aige.

Thit Fionán amach le Colm Cille nuair a chuala sé faoin rud a rinne sé. Bhí Fíonán ag éileamh go dtabharfaí an macleabhar dó chomh maith leis an mbunleabhar.

Rinne Fionán gearán leis an rí. D’iarr an rí ar Cholm Cille an chóip a thabhairt d’Fhionán ach dhiúltaigh sé. D'éirigh ina chogadh dearg idir lucht leanúna na beirte eaglaiseach agus thosaigh Colm Cille agus a chairde ag troid i gcoinne arm an rí. Troideadh cath mór i gContae Shligigh sular tháinig an scéal chun réitigh. Fuair na céadta duine bás is cosúil.

Fuair Fíonán an leabhar ar ais sa deireadh - ón lá sin, thugtaí "An Cathach" ar an gcóip sin den leabhar.

D’fhág Colm Cille Éire mar gheall ar an mbrón a bhí air. Chuaigh Colm Cille ag misinéireacht in Albain mar bhreithiúnas aithrí. D’imigh sé féin agus manaigh eile ar bhád go hOileán Í, Oileán beag ar chósta na hAlban. Thóg sé mainistir eile ansin. Chaith Colm Cille an chuid eile dá shaol ar Oileán Í Í (Í Cholm Cille). B'ón áit sin a chuaigh an Chríostaíocht i bhfairsinge ar fud na hAlban.

Bás agus oidhreacht

Fuair Colm Cille bás ina mhainistir féin in Í ar an 9 Meitheamh 597.

Bíonn Lá Fhéile Colm Cille ann ar an 9ú Meitheamh gach bliain. Téann go leor daoine ar thuras go hOileán Í go fóill. Tá Naomh Colm Cille chomh tábhachtach le Naomh Pádraig agus le Naomh Bríd in Éirinn.

Tá sé ina sheanscéal i mbéaloideas Uladh gur thug sé tairngreacht ar leaba a bháis, inar thuar sé cuid mhór de na himeachtaí nua-aimseartha. Luaigh sé, mar shampla, an mhuc dhubh sna sléibhte: is gnách an chiall a bhaint as sin gurbh í an traein agus an t-iarnród a bhí i gceist aige. Rinne Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna tagairt do thairngreacht Cholm Cille go minic ina gcuid scéalta agus scríbhinní, agus í ina hinspioráid thábhachtach acu.

<>







Naomh Aodhán Lindisfarne, Sasana (+651)


Ba naomh é Aodhán Lindisfarne, easpag agus misinéir rialta.

Bhunaigh sé mainistir Lindisfarne ar chósta thoir thuaidh Shasana. I 635 ba iad manaigh Éireannacha as mainistir Í in Inse Ghall, faoi stiúir an easpaig Aodhán, a lean den chraobhscaoileadh nuair a bhunaigh siad mainistir Lindisfarne, ar oileán amuigh ó chósta Northumberland.

Ba de shliocht Éireannach é Naomh Aodhán agus bhí sé ina mhanach de chomhthionól Oileán Í.

Nuair a díbríodh Oswald, Rí Northumbria, as a ríocht tháinig sé ar lorg tearmainn i mainistir Oileán Í. Nuair a d’fhill sé abhaile chun dul arís i gcoróin, thug sé cuireadh do Naomh Aodhán teacht leis lena mhuintir a aisiompú chun an chreidimh.

Lonnaigh Aodhán i Lindisfarne agus is ansin a bhí a lárionad misinéireachta. Le cuidiú an Rí, a bhí mar theangaire aige, d’éirigh go han-mhaith leis an misean.

D’éag sé i Northumberland ar an 31 Lúnasa 651.

<>








Naomh Ciarán Cluain Mhic Nóis na hÉireann (+549)

Bhí Naomh Ciarán as Cluain Mhic Nóis mar Easpag Éireannach sa 6ú haois. Tugtar Ciarán Óg (nó Ciarán Mac a tSaor) air uaireanta chun difir a dhéanamh idir é féin agus Naomh Ciarán Saighre. Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é.

Rugadh Ciarán sa bhliain 516 i gContae Ros Comáin, Cúige Connacht, mac déantóir carbad ab é. Bhí sé mar mhac léinn ag Fionnáin ag Cluain Ard agus tar éis tamaill bhí sé ina mhúinteoir freisin.

Rinne sé staidéar freisin faoi Naomh Eanna as Árainn. Thug Eanna comhairle do Chiaráin eaglais agus mainistir a thógáil i lár na tíre.

Bhunaigh Ciarán Mainistir Chluain Mhic Nóis idir na blianta 545 agus 548.

Fuair Ciarán bás tamaill ina dhiaidh den phlá agus é fós ina tríochaidí.

Ceiliúrtar a lá féile ar an 9 Meán Fómhair.

F.

<>










Ár nAthair

Ár n-Athair atá ar neamh,
Go naofar d'ainim,
Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin
Ach ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc,
Amen.


<>





Naomh Abbán moccu Corbmaic na hÉireann (+520)

Ba naomh Críostaí é Abbán moccu Corbmaic na hÉireann. Rugadh i Maigh Arnaighe i gContae Loch Garman é. Séipéal ceangailte le Naomh Abbán. Bás 520. Lá Fhéile Abbán, Bealtaine 16.

<>







Naomh Abran na hÉireann (+515) – 8 Bealtaine.

Ba naomh Éireannach é Abran. Ba díthreabhach ina chónaí san Bhriotáin é.

<>






Naomh Molaga na hÉireann agus a chuid mainistir (+655)

Sráidbhaile & mainistir in iardheisceart Chontae Chorcaí in Éirinn is ea Tigh Molaige

<>





Naomh Ciarán Saighre, Éire (+530)

Márta 5

Naomh Ciarán Saighre (nó Ciarán Saighir, Ciarán mac Luaigne; Laidin: Kyaranus nó Ciaranus Maior). Bhí Ciarán Saighre mar Easpag Éireannach sa 6ú haois.

Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Airítear é mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sula dtáinig Naomh Pádraig.

Glaoitear Ciarán Saighre chun difir a dhéanamh idir é féin agus Naomh Ciarán Óg as Cluain Mhic Nóis.

Is i nOileán Chléire i gContae Chorcaí a rugadh Naomh Ciarán Saighre.

Chuaigh Ciarán Saighre go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir.

<>





Muire, mar mháthair Íosa, an Máthair Dé agus an Theotokos

Bean Ghiúdach as Nazarat na Gailíle ba ea Muire, Naomh Muire, an Mhaighdean Mhuire, Muire Mhaighdean nó Muire Ógh, máthair Íosa agus bean chéile Iósaf. D’aithin an Tiomna Nua í [Mt 1:16,18-25] [Lk 1:26-56] [2:1-7] mar mháthair Íosa le lámh Dé.

Thug na soiscéil canónta na Matha agus Lúcás tuairisc ar Mhuire mar mhaighdean.

Thosaíonn an Tiomna Nua cuntas beatha Muire leis an teachtaireacht an Aingil, nuair a thaispeáin an tArdaingeal Gaibriéil agus fhógair a roghnúchán diagach a bheith ina máthair Íosa. Maíonn traidisiún eaglaise agus luath scríbhinní neamh-bhíobalta gur scothaosta a bhí a tuismitheoiri, Naomh Joachim agus Naomh Áine. Taifeadaíonn an Bíobla róil Muire sa tarluithe tábhachtach sa bheatha Íosa, as a ghiniúint go a Dheascabháil.

Creideann Críostaíthe go bhfuil Muire, mar mháthair Íosa, an Máthair Dé agus an Theotokos.

Tugtar urraim di Muire ó shin an Ré Aspalda.

YT.


<>



Íosa Críost

Saol agus teagasc de réir an Tiomna Nua


An fhianaise a deir gurb é Íosa Mac Dé, tá sé tugtha i gceithre shoiscéal an Tiomna Nua. Is é an Tiomna Nua an chuid den Bhíobla a phléann saol Íosa, na himeachtaí ina dhiaidh (Gníomhartha na nAspal) agus forbairt an fhoirceadail Chríostaí, agus í breactha síos, ach go háirithe, i litreacha Naomh Póil. 

Thosaigh máthair Íosa, Muire, ag iompar clainne roimh an bpósadh, agus í geallta d'Iósaf. Bhí Iósaf ar tí í a thréigean, ach tháinig aingeal Dé ag áitiú air Muire a phósadh agus an mac a thógáil mar a bheadh mac dá chuid féin ann. Is amhlaidh, de réir theagasc an reiligiúin Chríostaí, gurbh í cumhacht an Spioraid Naoimh a chuir tús le hÍosa. Go gairid roimh an mbreith, chuaigh Iósaf agus Muire go dtí Beitheal, nó bhí sé díreach ordaithe ag an Impire Rómhánach Ágastas muintir na hImpireachta go léir a chlárú le cáin a ghearradh díobh, agus chaithfeadh gach fear dul go dtí an chathair arbh aisti dá mhuintir.

Nuair a bhí Iósaf agus Muire i mBeithil, saolaíodh Íosa dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig triúr fear ón Domhan Thoir (an Triúr Saoithe, a thugtar orthu) a raibh cluinte acu gurb anseo a tháinig rí nua na nGiúdach chun saoil, agus thug siad bronntanais don leanbh. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean d'Iósaf agus do Mhuire éalú go dtí an Éigipt. An fear a bhí ina rí ar na Giúdaigh faoi láthair, mar atá, Héaród, chuala seisean iomrá ar bhreith Íosa freisin, agus thug sé ordú tachráin bheaga uile Bheitheal a mharú, le fáil réitithe den rí nua.

I ndiaidh bhás Héaróid, d'fhill Iósaf agus Muire go dtí an Phalaistín, agus shocraigh siad suas i Nazarat sa Ghailíl, áit ar tháinig Íosa i mbun a mhéide. Cosúil lena athair, bhí Íosa ag obair ina chearpantóir, ach san am céanna, b'ábhar adhnua é do na daoine chomh hoilte is a bhí sé ar dhlí agus ar fhoirceadal an Ghiúdachais fiú nuair a bhí sé óg. Nuair a shlánaigh sé tríocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Deir na soiscéil go raibh sé in ann daoine a leigheas agus faoiseamh a thabhairt dóibh, fosta, agus gurb iomaí míorúilt a chuir sé i gcrích le cuidiú osnádúrtha ó Dhia.

Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, thosaigh cuid den phobal Ghiúdach agus dá chuid ceannairí ag cur ina choinne. Na ceannairí go háirithe, chuir siad eiriceacht ina leith. Chuir na Fairisínigh, dream a raibh Íosa go minic ag lochtú a bhfimíneachta agus a mbéalchrábhaidh, a gcuid gearáin faoi bhráid Héaróid Mhóir, agus ar deireadh thug Héaród, an rí Giúdach a bhí faoi smacht Impireacht na Róimhe, cead dóibh an dlí a chur ar Íosa.

Ghabh a chuid naimhde é i gCnoc na nOlóg agus thug siad os comhair Cháiafas é, arbh é an t-ardsagart é agus é go tréan in aghaidh Íosa. Ansin dó, dúirt Íosa go hoscailte os comhair an ardsagairt agus lucht a leanúna siúd gurbh eisean Mac Dé agus gur féidir leis teampall Iarúsailéim a leagan agus a atógáil i dtrí lá.

Chuir an méid seo fearg mhór ar Cháiafas agus na sagairt eile, agus daoradh Íosa chun báis mar dhiamhaslóir. Bhí Píoláit, an gobharnóir Rómhánach, sásta an bhreith sin a fhaomhadh agus a chur i gcrích.

Céasadh Íosa chun báis ar an gcros i ndiaidh dó féin an chros a iompar go Cnoc Golgotá (Cnoc Chalbhaire, Áit an Chloiginn).

Bhí sé trí bliana déag is fiche nuair a básaíodh é, agus meastar go raibh timpeall is trí mhíle duine de lucht leanúna aige faoin am sin. Deir an Bíobla gur aiséirigh sé ón mbás cúpla lá ina dhiadih sin.


Tá dearcadh na gCríostaithe bunaithe ar an tuiscint gurbh é Críost an Meisias a gealladh sa Sean-Tiomna, agus gur músclaíodh ar ais chun saoil é i ndiaidh an bháis a fuair sé ar an gcros. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe go bunúsach gurbh é ionchollú Dé é agus gur tháinig sé aníos le tarrtháil spioradálta a bhronnadh ar na daoine agus le hiad a thabhairt chun athmhuintearais le Dia. Altanna creidimh eile de chuid na gCríostaithe a bhaineann leis is ea iad gur rugadh ó mhaighdean é, gur chuir sé míorúiltí i gcrích, gur chomhlíon sé tairngreachtaí an tSean-Tiomna agus go bhfuil sé le hateacht a dhéanamh an lá is faide anonn le breith a thabhairt ar dhaoine beo agus ar dhaoine marbha.

F.


<>





Naomh Adhamhnán na hÉireann (+704)

23 Meán Fómhair

Ab mhainistir Í Cholm Cille, i réim 679 – 704, ba ea Adhamhnán (Sean-Ghaeilge Adomnán), naomhsheanchaí, státaire, dlí-eolaí canónta agus naomh. Údar na beathaisnéise is tábhachtaí ba ea é ar a chol ceathrar, Colm Cille, agus b'é a chuir Cáin Adhamhnáin, nó Lex Innocentium, chun cinn.

Saol

Rugadh Adhamhnán i gContae Dhún na nGall, timpeall na bliana 624, nó roimh 629.

Rinneadh manach de i mainistir Í Cholm Cille. Ceapadh ina ab ansiúd é sa bhliain 679, agus d'fhan sé ann go dtí lá a bháis i 704. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa. Bhí Adhamhnán ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille. Lena chois sin, d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Beatha Cholm Cille (Vita Columbae) – an cuntas iomlán is luaithe dá bhfuil fós againn ar shaol an naoimh.

Bhí Adhamhnán ina shaineolaí ar dhlí canónta (Cáin Adomnáin nó Lex Innocentium).

Fuair Adhamhnán bás in Í Cholm Cille.

Céad bliain tar éis bháis Cholm Cille i 597, ‘sea chuir Adhamhnán scéal Ollphéist Loch Nis ar pár ina ‘Vita Columb’ den chéad uair.

De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg. Ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.


<>



Naomh Áed mac Bricc na hÉireann (+589)

10 Samhain

Ba easpag agus naomh é Áed mac Bricc (bás - 589).


<>





Naomh

Αitheanta mar naofa sa chreideamh Críostaí.



<>




Lá Fhéile Bríde sona daoibh!

Mórait calaind Febrai
fross martir már nglédenn,
Brigit bán bale núalann,
cenn cáid caillech n-Érenn.

<>





A Naomh Bríd a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat,
A Naomh Bríd a chroí na féile, stiúir sinn ar an mbóthar ceart,
A Naomh Bríd gheanúil ghrástúill, ar ár namhaid cosain sinn,
A Naomh Bríd a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn.

<>



No comments:

Post a Comment