Naomh Caoimhín agus Gleann Dá Loch
Meallann an áilleacht gan srian atá i nGleann Dá Loch agus síocháin mar shíocháin na bhflaitheas atá le haireachtáil ann beagnach trí cheathrú milliún cuairteoir chun na háite gach bliain. Ba iad sin a thug ar Naomh Caoimhín teacht anseo sa 6ú haois agus 7 mbliana a chaitheamh ina aonar ann sular bunaigh sé an mhainistir.
Roghnaigh sé cónaí in uaimh a bhí méadar ar airde cois cladaigh an locha uachtair. Tá Leaba Naomh Caoimhín fós le feiceáil ón gcladach thuaidh. Deirtear nár chaith sé ach craicne ainmhithe, agus gur chaith sé amach iad sa gheimhreadh chun é féin a thumadh ar feadh uaireanta fada in uisce reoite an locha, agus,
