Eaglais Cheartchreidmheach - Irish Flowers of Orthodoxy 2




Naomh Caoimhín agus Gleann Dá Loch

Meallann an áilleacht gan srian atá i nGleann Dá Loch agus síocháin mar shíocháin na bhflaitheas atá le haireachtáil ann beagnach trí cheathrú milliún cuairteoir chun na háite gach bliain. Ba iad sin a thug ar Naomh Caoimhín teacht anseo sa 6ú haois agus 7 mbliana a chaitheamh ina aonar ann sular bunaigh sé an mhainistir.

Roghnaigh sé cónaí in uaimh a bhí méadar ar airde cois cladaigh an locha uachtair. Tá Leaba Naomh Caoimhín fós le feiceáil ón gcladach thuaidh. Deirtear nár chaith sé ach craicne ainmhithe, agus gur chaith sé amach iad sa gheimhreadh chun é féin a thumadh ar feadh uaireanta fada in uisce reoite an locha, agus, chun pionós mar é a dhéanamh i rith an tsamhraidh, chaitheadh sé é féin isteach i leapacha móra neantóg.

Bhí grá domhain ag Naomh Caoimhín don dúlra agus meas aige ar gach dúil bheo. Agus é ag guí ina chillín lena lámh sínte amach, rinne lon dubh nead ina lámh. B’éigean do Chaoimhín a lámh a choinneáil ansin amhail is dá mbeadh támhnéal air go dtí go gur tháinig na gearrcaigh amach as na huibheacha, gur tháinig clúmh agus cleití orthu agus gur eitil siad leo.

Chuir sé fáilte roimh daoine freisin. In ainneoin 7 mbliana a chaitheamh san uaigneas tugadh aitheantas dó mar dhuine naofa agus mar mhúinteoir. Tháinig daoine eile go Gleann Dá Loch chun a shlí mhaireachtála a leanúint agus go luath bunaíodh mainistir a bheadh ar cheann de mhórionaid spioradálta na Críostaíochta in Éirinn.

Chuir Caoimhín agus a chuid manach oideachas agus bia saor in aisce ar fáil d’uaisle agus don chosmhuintir araon. Murab ionann agus go leor mainistreacha eile, bhí siad sásta glacadh leo siúd nach raibh sé ar intinn acu a bheith ina manaigh ach ar mhian leo bheith ag foghlaim.

Is minic a deirtear gur ghluais Caoimhín ó bheith scoite amach ó dhaoine go bheith i lár chomhluadair agus is féidir cuid mhaith den aistear sin a rianú fós i nGleann Dá Loch. Fiú amháin más rud é go bhfuil an áit ar cheann de na seoda turasóireachta is mó in Oirthear Ársa na hÉireann, nó fiú in Éirinn go léir, ní bheidh ort imeacht rófhada chun an suaimhneas agus an spioradáltacht a aireachtáil a spreag manaigh le teacht anseo na céadta bliain ó shin.


<>










Naomh Moling easpag Fearna, hÉireann (+697)


Dara easpag Fearna ba ea Naomh Moling (Mo Ling) Luachra (614–697). Rugadh é ar Shliabh Luachra, Contae Chiarraí. Deirtear gurbh é ar duine de cheathrar príomhnaomh hÉireann. Bhunaigh sé mainistir ag Tigh Moling, Contae Cheatharlach. Is é 17ú Meitheamh a lá féile.

<>



Ceartchreidmheachas



<>



Eaglais Chríostaí Cheartchreidmheach


<>




A Chríost, las solas i mo chroí!



<>




Muire Mhaighdean

I gcónaí faoina cosaint!




<> 


Tá Críost éirithe! 
Go deimhin, tá sé éirithe!




<>



Dhá Aspal Déag na hÉireann



<>



Lá fhéile Pádraig sona dhaoibh! 
A Naomh Pádraig, guigh orainn. +

17 Márta



<>



Lá Fhéile Bríde sona daoibh!



<>



Baile Oidhreachta Lios Mór

Is iomaí cuairteoir a tháinig go Baile Oidhreachta Lios Mór i gcaitheamh na gcianta. Tháinig Naomh Carthach anseo i 635 agus bhunaigh sé Mainistir Lios Mór, a mheall scoláirí ó gach cearn den Eoraip. Ar an drochuair, tharraing an saibhreas a bhí ann na Lochlannaigh chuige. Dream garbh ab ea iad a chreach an baile agus dhó go talamh é. 

Tógfaidh sé 30 nóiméad ort tiomáint ó dheas ó Lios Mór tú chuig sráidbhaile cois cósta na hAirde Móire. Tháinig Naomh Declan ar an sráidbhaile sa 5ú haois - bíodh is gur threoraigh cloch ar na tonnta ansin é, seachas léarscáil nó loingseoireacht satailíte - agus bhunaigh sé mainistir. Is éard atá ann inniu ná fothracha na lonnaíochta Críostaí is sine in Éirinn. Má tharlaíonn sé go mbíonn tú ann ar an 24 Iúil, a lá féile an naoimh, gluais leis na hoilithrigh ar shiúlóid 4km na haille go tobar Naoimh Dhéagláin chun ómós a léiriú dó.


F.

<>








B’fhéidir gurb é Naomh Pádraig an nasc is láidre atá idir Éire agus an Bhreatain Bheag

B’fhéidir gurb é Naomh Pádraig an nasc is láidre atá idir Éire agus an Bhreatain Bheag. Cé go nglactar leis ar fud an tsaoil gurb é Naomh Pádraig naomhphátrún na hÉireann - agus bíonn go leor tíortha eile ag ceiliúradh a fhéile ar an 17 Márta - is é an rud nach bhfuil ar eolas ag a lán daoine ná nár rugadh é in Éirinn ar chor ar bith. Déata na fírinne, tá fianaise ann a thugann le tuiscint gur rugadh é i gcuid d’Iarthar na Breataine nó i nDeisceart na Breataine Bige mar a thugtar air inniu agus go labhraíodh sé an teanga ónar eascair an Bhreatnais.




<>



Naomh Dáibhí

Is é Naomh Dáibhí an duine is mó in Ré Naomh na Breataine Bige, a thug an Chríostaíocht go treibheanna Ceilteacha in Iarthar na Breataine agus an t-aon naomhphátrún dúchasach a rugadh i dtíortha na Breataine agus na hÉireann.

Ba í Naomh Non a mháthair,  agus gur rugadh é ar bharr aille i Sir Benfro nuair a bhí anfa mór gaoithe ag séideadh. Deirtear go raibh greim an duine bháite aici ar charraig nuair a bhí a mac ag teacht ar an saol agus gur bhuail splanc tintrí an charraig á scoilteadh ina dá leath agus gur cruthaíodh an tobar naofa atá fós ann inniu. Déanann fothracha Shéipéal Naomh Non in aice láimhe áit a bhreithe a mharcáil freisin.

Ceapadh go ndearna Naomh Dáibhí roinnt míorúiltí i rith a shaoil, ach tharla an ceann ba cháiliúla nuair a bhí sé ag seanmóireacht le slua mór i Llanddewi Brefi. Nuair bhí daoine ar chúl ag  gearán nach raibh siad in ann é a fheiceáil ná a chloisteáil, d’ardaigh an talamh ar a raibh sé ina sheasamh ina chnoc. Ag an bpointe boise sin chuir Dia colm bán chuige a shocraigh ar a ghualainn.

Deirtear go raibh ról tábhachtach ag David sa chath idir lucht na Breataine Bige agus na hAngla-Shacsanaigh. Bhí lucht na Breataine Bige ag cailleadh níos mó agus níos mó talún agus cuid den fhadhb ab ea an chaoi nach raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid fear féin agus a naimhde toisc go raibh a gcuid éadaí chomh cosúil sin lena chéile. Ghlaoigh David chucu: “A Mhuintir na Breataine Bige caithfidh sibh féin a mharcáil chun go dtuigfidh sibh níos fearr cé hé an Sacsanach agus cé hé an Breatnach.” Tharraing sé cainneann ón talamh agus lean sé air: "Caith iad seo ionas go mbeidh a fhios agat gurb é do namhaid aon saighdiúir nach bhfuil cainneann á chaitheamh aige." Cé gur cheap cuid de na saighdiúirí gur smaoineamh aisteach a bhí ann, ghlac siad leis mar gur fear Dé ab ea an manach. Go gairid, bhí cainneann á chaitheamh ag gach saighdiúir Breatnach ina chlogad agus sar i bhfad, bhí an cath buaite ag na Breatnaigh. Bíonn cainneanna á gcaitheamh fós ag na Breatnaigh ar  lá féile Naomh Dáibhí (agus lá náisiúnta na Breataine Bige), an 1 Márta.

Bhí breis agus 100 bliain slán ag Naomh Dáibhí nuair a d’éag sé ar an 1 Márta 589.



<>
 




Tá Críost éirithe as na marbh!
ag uachtar marbh Trí bhás
agus iad sna huaigh
ag tabhairt beochta!


<>







Naomh Aodán

Manach agus misinéir Éireannach ab ea Naomh Aodán a thaistil chun na Breataine Bige chun staidéar a dhéanamh faoi Naomh Dáibhí. Ar fhilleadh ar Éirinn dó spreagadh é chun a mhainistir féin a thógáil ag Fearna. Tá Ardeaglais Naomh Aodáin, a chreidtear gurb í sin an ardeaglais is lú in Iarthar na hEorpa, ina seasamh ar an láthair anois.

Deirtear gur bhásaigh Naomh Dáibhí i lámha Naomh Aodáin le linn cuairte a rinne sé níos déanaí ar Sir Benfro.


YT.

<>





Naomh Colmán agus a chuid Lachan

Naomh ab ea Naomh Colmán Ó Fichra a mhair sa 7ú haois agus a bhunaigh mainistir san áit a bhfuil Eaglais Naomh Colmáin anois i Teampall Seanbhoth i gContae Loch Garman.

Tá tobar naofa suite idir dhá reilig agus bhíodh lochán mór ar an láthair seo a d’fhaigheadh soláthar uisce ón tobar. Ar feadh blianta fada tar éis bhás Naomh Colmáin bhíodh roinnt lachan ina gcónaí ar an lochán agus creidtear go raibh siad faoi choimirce speisialta an naoimh. Bhí grá ag Naomh Colmán d’éin, agus ba iad na lachain ab fhearr leis ar fad. Caitheadh leis na lachain lena a leithéid sin de ghean agus de chneastacht gur éirigh siad an-cheansa agus go dtógfaidís bia go díreach ó lámha na n-oilithreach a thagadh ar chuairt.

Na lachain faoina leithéid de chosaint nach bhféadfadh aon rud dochar a dhéanamh dóibh - agus ní bhíodh sé de dhánacht ag duine ar bith de mhuintir an tsráidbhailte cur isteach ar oiread is cleite amháin ar a gceann. Mar sin féin, toisc go raibh na lachain chomh ceansa sin, tharlaíodh sé uaireanta nuair a  bhíodh duine ag fáil uisce ón lochán oíche dhorcha go bhfilleadh sé abhaile agus níos mó aige  ná mar a bhíodh sé ag súil leis. Chaithfidís a raibh sa soitheach, an t-éan agus gach rud, isteach i bpota os cionn tine lena fhiuchadh.  Ach ba chuma cén fhaid a dódh an tine, nó cé méid adhmaid a chuirtí leis, d’fhanadh an t-uisce chomh fuar le cloch. Nuair a dhéanfaí an scéal a iniúchadh, d’fheictí an lacha ag snámh timpeall sa phota agus thugtaí ar ais í chun an locháin gan díobháil ná dochar agus ag an bpointe sin thosaíodh an pota ag éirí te agus d’fhiuchadh an t-uisce gan a thuilleadh moille.


<>










Féile Bhréanainn

A Bhréanainn a thaistil thar fharraige i gcaolbhárc,
‘S a tháinig abhaile go h-atuirseach traochta,
‘S tú a dhein míorúiltí ‘gus éachta
Mar bhí tú lán de ghrá an Spioraid Naofa.
Dá mhéid do chuarda ar fud an t-saoil
Níor chasadh ort áit ab fhearr ná Éire,
Dá bhrí sin comhairligh don deoraí Gaedheil bochd
Filleadh ar an mbaile nó fanacht go h-éag ann.




<>







Crois Mhanannach

'S an crois seo 'n speisialta mar 's Crois Manannach no Crois Manannaich / Manannaigh é sin. Thánaig an crois seo 'mach as Oileán Mhanainn agus chuir muid sin le chéile leis dhá píosa crann no craobh, agus olann fíor fosta. Déanann daoine Manannach sin agus déanann daoine Thír Chonaill, Chonnacht agus ceanntair eile na n-Gaedheal an crois seo. Agus 's simból an-mhath aontaicht' eadar muinntear Gaedhealach thairis Sruth na Maoile sna Seann Ghaedhealtachd gun dabht.




<>







Naomh Bríd na hÉireann (+525)


Is naomh í Bríd (c. 451 – c. 1 Feabhra 525). Rugadh i gContae Lú í agus fuair sí bás i gCill Dara.

Is clúiteach í as ucht a dea-chroí freisin. Tá toibreacha Bhríde ar fud na tíre.

Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo.

Tá rannta agus paidreacha ann go bhfuil bainteach le Naomh Bríd:

Rann:

"Ó lá le Bríde amach

bíonn na héin ag déanamh nead,

bíonn na caoire ag breith na n-uan,

is an lá ag dul i bhfad".

F.

<>






Naomh Brendan mac Nemainn na hÉireann (+573)

Ba naomh é Brendan mac Nemainn. Rugadh i mBiorra i gContae Uíbh Fhailí é, agus fuair sé bás sa bhliain 572.

<>







Naomh Ailbe na hÉireann (+528)

Ba naomh é Naomh Ailbhe nó Naomh Ailbe. Tá aithne air mar Alby (nó fiú Elvis) i mBéarla agus Eilfyw nó Eilfw i mBreatnais.

Áirítear Naomh Ailbhe mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sular tháinig Naomh Pádraig. Ach deirtear sna hAnnála Inis Faithleann gur éag sé sa bhliain 528.

Easpag agus athair faoistine a bhí ann. Tá traidisiún ann go ndeachaigh sé chun na Róimhe agus gur oirnigh an Pápa ina easpag é.

Bhunaigh sé mainistir in Imleach, a bhí ina dhiaidh sin ar cheann de mhórmhainistreacha na Mumhan. Tá riail de chuid an naoú haois ann, Riail Ailbhe, a chuirtear ina leith.

Bhí baint aige leis an mBreatain Bheag, le Naomh Dáibhí go háirithe. Deirtear gur eisean a bhaist Dáibhí.

Ceiliúrtar féile Ailbhe ar an 12 Meán Fómhair. Pátrún ar Ard-Deoise Chaisil agus Ailbhe é.

F.

<>








Naomh Cainneach na hÉireann (+600)

Ab agus misinéir ab ea Naomh Cainneach (nó Canice) (514, 515 nó 527? - 600). Is duine de Dhá Aspal Déag na hÉireann é.

Saol

Is i gceantar Chiannachta (Dún Gheimhin) i gContae Dhoire a rugadh Cainneach circa 514-527. Cé go raibh a muintir bocht, rinne sé staidéar faoi threoir Naomh Finnian i gCluain Ioraird agus faoi Naomh Mobhí i nGlas Naíon.

D’fhás dlúthchairdeas idir é féin agus Naomh Colm Cille. Ar  feadh tamaill d’oibrigh sé i gcomhar le Colm Cille in Albain agus bhunaigh sé roinnt eaglaisí ansin.

In Éirinn bhí  a phríomhmhainistir i nAchadh Bhó i gContae Laoise.

Fuair sé bás in Achadh Bhó i gContae Laoise sa bhliain 600.

I bhfad ina dhiaidh sin, tiomnaíodh eaglais do Naomh Cainneach i gCill Chainnigh. Tá dlúthbhaint ag an gcontae le Naomh Cainneach.[5] Fuair sé réidh leis na draoithe i gCill Chainnigh de réir an tseanchais.

Ceiliúrtar a lá féile ar 11 Deireadh Fómhair.

<>








Comhghall na hÉireann (+602)

Is i gContae Aontroma a rugadh Naomh Comhghall nó Comgall (timpeall na bliana 510/520 – 597/602; b'fhéidir 516 - 602; Saint Comgall i mBéaral). Ceiliúrtar a lá féile ar 10 Bealtaine.

Tús a shaoil

Ba shaighdiúir a athair. Theastaigh uaidh go leanfadh a mhac an cheird chéanna sin, rud a rinne Comhghall ar dtús. Ach bhí Comhghall ag iarraidh a bheith ina shaighdiúir i seirbhís Chríost.

De réir dealraimh, rinne Comhghall a chuid staidéir faoi threoir Naomh Finnian i Maigh Bhile. Siocair go raibh sé faoi bhrú ag cathuithe agus faoi chian agus chumha, shocraigh sé féin agus a ab ar dhul i muinín na paidreoireachta. Tar éis don easpag Lughaidh é a agairt go mór, oirníodh ina shagart é.

Mainistir

Bhunaigh Comhghall mainistir i mBeannchar c. 555-558, mainistir a mheall chuici daoine mar Naomh Columbán ina phríomhoide inti tamall ina dhiaidh sin.

Bhí Comhghall an-dian ar fad ar na manaigh ó thaobh bia de.. Ní raibh cead ag na manaigh faoi Naomh Comgall i mBeannchar bainne a ól. Bheadh arán, glasraí agus uisce mar bhéile acu, agus ní raibh ann ach aon bhéile amháin sa lá. Níos déanaí, tugadh cead dóibh bainne a ól sa deireadh, mar a rinneadh sa chuid is mó de na mainistreacha eile ag an am.

Bhunaigh Comhghall mainistir  in oileán Tír Iodh in Albain chomh maith.

Bású agus oidhreacht

Tar éis dó tinneas fada pianmhar a fhulaingt go foighdeach, d’éag sé ar Fhéile na Cincíse sa bhliain 602 b'fhéidir.

Ó thús an 9ú haois ar aghaidh, d’ionsaigh na Lochlannaigh Mainistir Bheannchair agus truaillíodh scrín Naomh Comhghall.

<>






Naomh Caoimhín, 
Gleann Dá Loch, Éire (+618)

Tógadh Naomh Caoimhín i gCill na Manach, i Laighin, mar ar oirnigh an tEaspag Lughaidh é.

Lonnaigh Caoimhín mar dhíthreabhach i nGleann Dá Loch. Roghnaigh sé an áit mar gheall ar cé chomh iargúlta is a bhí sí.

De réir a chéile, bhailigh deisceabail timpeall air.

Le himeacht aimsire, d’fhás an comhthionól manachúil seo tar éis bhás an naoimh sa bhliain 618, sa dóigh is gur leathnaigh sé ar fud an ghleanna.

Is é an 3 Meitheamh a lá féile.

<>








Naomh Caomhán na hÉireann (+865)

Tógadh Naomh Caomhán (? – c. 865) i gCill na Manach, i Laighin, mar ar oirnigh an tEaspag Lughaidh é. Is eaglais thábhachtach í Teampall Chaomhán ar Inis Oírr.[1]

Is é an 15 Meitheamh a lá féile.

<>










No comments:

Post a Comment